An bhfuil suim agat i Liathróid Láimhe Oilimpeach a oiliúint?
Faoi na Cláir Forbartha Pobail agus Cuimsiú Spóirt arna n-éascú ag Comhpháirtíocht Spóirt na hIarmhí, tá áthas ar an gComhpháirtíocht Spóirt cúrsa a fhógairt a oireann do mhúinteoirí, d’fhoireann soláthraithe seirbhíse, d’oibrithe óige agus do chóitseálaithe.
Féach ar an eolas thíos le do thoil:
Réamhrá ar Liathróid Láimhe Oilimpeach:
Tá Cumann Liathróid Láimhe Oilimpeach na hÉireann ag seachadadh Cúrsa Cóitseála LO do mhúinteoirí, d’fhoireann soláthraithe seirbhíse, d’oibrithe óige agus do chóitseálaithe. Cuirfear pacáiste tosaigh ar fáil do gach scoil/eagraíocht a chríochnaíonn an cúrsa. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil na gnéithe praiticúla agus teoirice seo a leanas i gceist leis an gcúrsa:
- Gnéithe Teoirice (3 uair an chloig): Stair an spóirt, leaganacha de liathróid láimhe, rialacha an chluiche, 7rl.
- Gnéithe Praiticiúla (3 uair an chloig): Teicníc – pas, glacadh, léimneach, lámhach, céimeanna, cluichí tosaigh (caith éadaí agus coisbheart cuí le do thoil)
Eolas Cúrsa:
- Dáta an Chúrsa: Dé Luain 27ú Márta
- Am: 9rn go 3.30in (tabhair lón pacáilte leat le do thoil )
- Ionad: Club CLG Chluain Cille
- Costas: Saor in aisce a bheith i láthair
- Sonraí Clárúcháin: Leithdháiltear áiteanna ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce ar chríochnú an chlárúcháin trí Eventbrite, dhá rannpháirtí ar a mhéad in aghaidh na scoile/heagraíochta
- Nasc Eventbrite don Chlárúchán: https://www.eventbrite.ie/e/introduction-to-olympic-handball-for-teachers-services-and-youth-workers-tickets-538926502677?aff=ebdsoporgprofile