Clár Caipitil & Trealaimh Spóirt 2023

Sports Capital 2023
  • Ardú ó €150,00 go €200,000 tagtha ar an uasdeontas do thionscadail áitiúla
  • Ardú ó €300,000 go €500,000 tagtha ar an uasdeontas do thionscadail réigiúnacha
  • Béim ar leith ar ghníomhú ar son na haeráide, ar inbhuanaitheacht agus ar chomhionannas inscne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne T.D., inniu go mbeifear ag glacadh le hiarratais nua ón 17 Iúil do bhabhta nua den Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (CCTS). Is é an CCTS an príomhbhealach atá ag an Rialtas chun tacaíocht a chur ar fáil do chlubanna agus pobail spóirt chun bonneagar spóirt ar fud na tíre a fhorbairt.

Is féidir le hiarratasóirí a bhfuil tionscadail áitiúla acu iarratas a dhéanamh anois ar dheontas suas go €200,000, atá ardaithe ón uasdeontas €150,000 a bhí ann roimhe seo. Ag an am céanna tá ardú ó €300,000 go €500,000 tagtha ar an uasdeontas bailí atá ar fáil do thionscadail a measfar a bheith tábhachtach ó thaobh na réigiún.

Ina theannta sin, in “Treoir chun Iarratas a Dhéanamh” CCTS na bliana seo, tá béim ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar inbhuanaitheacht den chéad uair, ar thacaíocht a chur ar fáil do chlubanna áitiúla chun céimeanna a ghlacadh chun ídiú fuinnimh a laghdú agus chun iarratas a dhéanamh ar shoilsiú níos éifeachtúla. Den chéad uair i stair an CCTS, ní dhéanfar tionscadail a mheas i gcomhair tacaíocht deontais ach amháin má dheimhnítear go mbeidh rochtain ag fir agus mná ar bhonn cothrom ar an deontas sin.

Is é an chéad chéim chun deontas a fháil ná clárú ar chóras na Roinne ar líne agus mhol na hAirí d’aon chlub nach bhfuil cláraithe cheana féin clárú anois. Is féidir le clubanna clárú ag www.sportscapitalprogramme.ie

Nuair a bheidh an club cláraithe, ní mór gach iarratas a dhéanamh ar an láithreán gréasáin céanna. Glacfar le hiarratais ar an gcóras ón 17 Iúil go dtí an 8 Meán Fómhair.

Foilsíodh an “Treoir chun Iarratas a Dhéanamh” freisin ar láithreán gréasáin na Roinne inniu agus is féidir teacht uirthi anseo: gov.ie/sportscapital

Leagtar amach téarmaí agus coinníollacha an Chláir go bunúsach sa Treoir. Foilsíodh athbhreithniú de bhabhta 2020 den Chlár i mí na Bealtaine agus tá gach ceann de na príomh-mholtaí san áireamh sa Treoir.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gclár lena n-áirítear sonraí faoi gach leithdháileadh roimhe seo ag gov.ie/sportscapital .

Is féidir teacht ar an Athbhreithniú de Bhabhta 2020 ag https://www.gov.ie/en/publication/84105-review-of-sports-capital-and-equipment-programme-2020/ .

Ní féidir iarratais a dhéanamh ach ar líne ón 9am ar an 17 Iúil go dtí 5pm ar an 8 Meán Fómhair 2023.